1. Agus tárla na dhiáigh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair, agus gach baile, ag seanmórughadh, agus ag siosgéulughadh ríoghachda Dé: agus an dá fhear dhég na fhochair,
2. Agus mná áirighe, do leigheasadh ó dhroichspioraduibh agus ó easláintibh, Muire dá ngoirthí Mhagdalén, as a ndeachadar seachd ndeamhain,
3. Agus Ioanna bean Chúsa feadmannuigh Iorúaith, agus Susanna, agus mórán eile, do chaith risean dá máoin féin.
4. Agus an tan do chruinnigh buidhean mhórr, agus trangadar as gach uile chathruigh chuigesion, do labhair sé a gcosamhlachd riú:
5. Do chúaidh síoladóir áirighe amach do chur a shíl féin: agus ag cur an tsíl do, do thuit cuid de chois na sligheadh; agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de chois na sligheadh; agus do brughadh fá chosaibh dáoine é, agus dithadar énlaith a naiéir é.
6. Agus do thuit cuid eile ar charraic; agus ar bhás dó, do shearg sé, do bhrígh nach raibh taisleach aige.