9. Agus ar ná gcloisdin so Díosa, do bhí iongnadh aige ann, agus ar bhfilleadh dhó, a dubhairt sé ris a tslúagh do lean é, A deirim ribh, Nach bhfuair mé a Nisrael féin, a chomhmór se do chreideamh.
10. Agus ar bhfilleadh a steach, do na teachduiribh do cuireadh chuige, fúaradar an searchfhoghantaidh do bhí tinn slán.
11. Agus tárla an lá na dhiáigh sin, go ndeachaidh sé don chathruigh dá ngoirthear Náin; agus do chúadar mórán dá dheisciobluibh leis, agus buidhean mhór.
12. Agus an tan tháinig sé a ngar do dhoras na caithreach, fénch, do bhí duine marbh agá bhreith amach, do bhí na áon mhac agá mháthair, agus í na baintreabhaigh; agus do bhí coimhthionól mór ón chathruigh na fochair.
13. Agus ar na faicsin don Tighearna, do ghabh trúaighe mhór dhi é, agus a dubhairt sé ría, Na guil.
14. Agus táinic sé agus do bhean sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh.
15. Agus déirigh an duine marbh na shuidhe, agus do thionnsgain sé labhairt. Agus tug sé dhá mháthair féin é.
16. Agus do ghabh eagla íad uile: agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Déirghe fáidh mór an ar measg; agus, Dféuch Día ar a phobal féin.