33. Oír tháinig Eóin Baisde ní ag ithe aráin ná ag ol fíona; agus a deirthísi, Atá deamhan ann.
34. Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach!
35. Achd atá an eagna ar na sáoradh ó na cloinn féin uile.
36. Agus do íarr duine áirighe do na phairisíneachaibh air, bíadh ithe na fhochair. Agus ar ndul a sdeach go tigh an phairisínigh dhó, do shuidh sé sios chum bídh.
37. Agus, féuch, an tráth fúair bean don chatbraigh, do bhí na peachthach, a fhios go raibh sé na shuidhe ag bíadh a dtígh an phairisinigh, tug si bocsa ola lé,
38. Agus ar seasamh agá chosuibh don táobh shiar dhe ag gul, do thionnsgain sí a chosa dionnladh lé na déuruibh, agus a dtiurmughadh lé gruáig a cinn, agus do phóg sí a chosa, agus do ong sí leis an ola íad.
39. Agus an tan do chonnaire an phairisineach tug an cuirteadh dhósan sin, smuáin sé na inntinn, ag rádh, Dá madh fáidh an fearso, daithnéochadh sé cía agus gá bionnus an bheanso bheanus ris, óir as peacthach í.