Lucais 6:43-48 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

43. Oír ni maith an crann iomchras drochthoradh; agus ní holc an crann iomchras toradh maith.

44. Oír is ó a thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach.

45. Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal.

46. Achd créud fá ngoirthísi, A Thighearna, a Thighearna dhíomsa, agus nach déuntáoi na neithe a deirim?

47. Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas rém bhríaththruibh, agus do ní dhá reir, foillséochuidh mé dháoibhsi cía ré ar cosmhuil é:

48. As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig.

Lucais 6