Lucais 6:34-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

34. Agus dá dtugtháoi áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do chum go bhfuighdís a leitheid a rís.

35. Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, agus tabhruidh áirleaghadh úaibh, gan súil ré héinní arís; agus budh mór bhur lúaideachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoinibh dombuídheacha agus saithe.

36. Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach.

37. Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh:

38. Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.

39. Agus do labhuir se cosamhlachd ríu, An bhféudann an dall dhall eile dothreorigheadh? an ne neach duitdfid aráon sa díg?

40. Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir: achd gidh bé neach bhus diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir.

Lucais 6