Lucais 6:29-32 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

29. An té bhúaileas tú air a ngíall iompó chuige an gíall eile; agus an té bheanus do chlóca dhíot ná bac dhe do chíota fós a bhreith leis.

30. Agus tabhuir do gach neach íarrus ort; agus ón te thógbhás do chuid úait ná híarr air ais é.

31. Agus mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin.

32. Oír má tá grádh aguibh don mhuinntir ghrádhuigheas sibh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir grádhuighid ná peacthuigh féin na dáoine ghrádhuigheas íad.

Lucais 6