Lucais 6:16-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Iudás deatbhráthair Shéumuis, agus Iudás Iscariót, (an té fós do bhráth eision).

17. Agus táinig sé a núas léo, agus do sheas sé ar mhachuire réidh, agus a choimhthionól deisciobail, agus mórán mór do phobal ó thír Iúdaighe uile agus ó Ierusalem, agus ó chois fairrge Thírus agus Shídon, noch tháinig deisdeachd leisin, agus dfagháil leighis ar a neasláintibh;

18. Agus a raibh ar ná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhglana, agus do leighiseadh íad.

19. Agus do bhí an slúagh uile ag íarruidh cuimealta ris: óir do bhídh subhailce ag dul úadh, agus do shlánuidh sé iad uile.

20. Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt sé, As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé.

21. As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.

22. As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine.

23. Déunnidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.

24. Achd as anáoibhinn dáoibhsi a dháoine saidhbhre! óir atá bhur sólás aguibh.

25. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach! óir biáidh ocras orúibh. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá a gáirighe a nois! óir cáoifidhe agus goilfidhe.

26. As anáoibhinn dáoibh, an tráth a déuruid na huile dháoíne mith ribh! óir as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na fáidhibh fallsa.

Lucais 6