1. Agus tárla ag ghabháil trí ghortuibh dhósan, an dara sábboid taréis an cheud gur bheanadar a dheisciobáil déusa, agus tar éis a gcunnealta eidir a lámhuibh dhóibh, dúadar íad.
2. Achd a dubhradar cuid do na Pharisineachuibh ríu, Créd fa ndéuntáoi ní nach indéanta ann sa tsáoire?
3. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An né nár leughabhuirsi an ní so, do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocrus air féin, agus ar an mhuinntir do bhí na fharradh;
4. Cionnus do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ghlac sé arán na fiaghnuisi agus a dúaigh sé é, agus tug sé fós don mhuinntir do bhí na fhochair é: noch nár choir ithe achd do na sagurtuibh amháin?
5. Agus a dubhairt seisean ríu, As Tighearna don tsábboid féin Mac an duine.
6. Agus tárla fós a sábbóid eile, go ndeachuidh seisean a sdeach don tsinagóg agus gur theaguisg sé: agus do bhí óglach ann sin agá raibh a lámh dheas ar na seargadh.
7. Agus do bhí coimhéud ag na sgríobuidhibh agus ag na Pharisineachuibh airsean, dá fhéuchuin an ndéanadh sé leigheas ann sa tsábbóid; do chum go bhfuighidís adhbar gearáin air.
8. Achd daithin seisean a smúaintighthe, agus a dubhairt sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh, Eirigh, agus seas a lar cháich. Agus do éirigh seision agus do sheas sé.