4. Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré Símón, Déunuigh romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh sios bhir líontagh chum gabhála.
5. Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do thuirrsigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní: achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an líon.
6. Agus an tan do rinneadar so, do íadhadar ar iomarchuigh éisg: ionnus gur briseadh a líon.
7. Agus do sméideadar ar a gcompánachuibh, do bhí ann sa luing eile, do chum go dtiocfaidis chuca do thabhairt chunghnamh, dhóibh. Agus thangadarsan, agus do líonadar an dá luing, ionnus go rabhadar a niunmhe a mbáidhte.
8. Agus an tan do chonnairc Símon Peadar so, do shléuchd sé ag giúinibh Iósa, ag rádh, Imthigh úaim a Thighearna; óir is duine peacthach mé.