10. O'ir a tá sgriobhtha, Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad thimcheall, thusa do choimhéud:
11. Agus toigéubhuid eidir a lámhuibh thú, deagla go mbuailfea do chos fá chloich úair ar bith.
12. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin.
13. Agus ar ccur críche ar a chathuighthibh uile don díabhal, dtág sé eisean ar feadh tamuill.
14. Agus dó chas Iósa maille ré cumhachdaibh na Spíoruide don Ghalilé: agus do chúaidh a chlú ar feadh na tire na thimcheall.
15. Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine.
16. Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd.
17. Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha,