41. Achd ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision ríu, An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so?
42. Agus tugadarsan do cuid díasg rósduighe, agus cuid do chír mheala.
43. Agus ar na nglacadh dhósan, dúaidh sé na bhfiafhnuisision íad.
44. Agus a dubhairt sé ríu, Ag so na briathar do labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair, gur ab éigin na huile neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna fáighibh, agus ann sna salmuibh, am thimcheallsa do choimhlíonadh.
45. Ann sin dosguil sé a ttuisge, ionnus go dtuigfidís na sgrioptúir,
46. Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá:
47. Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém.
48. Agus is sibhsi fiadhnuiseadha na neitheannsa.