Lucais 24:25-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus a dubhairt seision riu, O a dhaoine amadánach agus mallchroidhtheach chum creidmhe dá gach éinni dar labhradar na fáighe!

26. A né nar bhéigin do Chríosd na neithesi dfulang, agus dul a sdeach ann a ghlóir féin?

27. Agus ar dtionnsgnadh ó Mháoisi agus ó na faighibh uile, do eidirmhínigh sé dhoibh ann sna huile sgriopturaibh na neither bhi dhá tháobh féin.

28. Agus do dhruideadar ris an mbaile, ann a rabhadar ag dul: agus do léig seision air go rachadh sé ní is faide.

29. Achd do choimhéignigheadarsan é, ag rádh, Fan aguinne, óir atá sé na thrath nona, agus is deireadh láoi atá ann. Agus do chúaidh se a sdeach dfuireach aca.

Lucais 24