12. Achd rompa so uile, cuirfid said lámha ionnuibhsi, agus gérleanfaid sibh, dá bhar dtabhairt do na coimhthionolaibh, agus do na príosúnuibh, da bhur mbreith chum righthe agus chum úachdarán ar son manmasa.
13. Achd teigeamhuidh so dháoibhse mar fhíadhnuisi.
14. Ar a nadhbharsin daingnidhidh ann bhar gcroidhthibh, gan a smúaintiughadh roimhe láimh cionnas do fhreagóradh sibh an bhar son fein:
15. Oír do bheara misi béul dáoibh agus eagna, nach budh héidir lé bhur neasgcáirdidh uile labhairt ná cur na haghuidh.
16. Agus braithfidhthear sibh fós ó bhar naithreachaibh agus ó bhar maithreachaibh, agus ó bhar ndearbhráithreachaibh, agus ó bhar ngáoltuibh, agus ó bhar gcáirdibh; agus do bhéaruid fá deara cuidh dhibh do chur chum báis.
17. Agus biaídh fuáth ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmasa.