27. Agus ar dteachd do dhruing do na Saduceachiabh chuige, (noch shéanas a neiséirghe do bheith ann;) dfíafruigheadar dhe,
28. Ag rádh, A Mhaighisdir, do sgríobh Máoisi dhúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthar dhúine ar bith bás, agá mbía bean phósda, agus go bhfuigheadh sé bás gan chloinn, go ngéubhadh a dhearbhráthair chuige a bhean, agus go tóigéubhadh se sliochd dá dhearbhrathair.
29. Ar a nadhbharsin do bhádar móirsheisior dearbhrathar ann: agus ar ngabháil mná chuige don chédghear, fúair sé bás gan chloinn.
30. Agus do ghabh an dara dearbhrathair chuige an bhean, agus fuair seision leis bás gan chloinn.
31. Agus do ghabh an treas dearbhráthair chuige í; agas mar an gcéadna an móirsheisior: agus nier fhágbhadar clann, agus fúaradar bás.
32. Agus a ndiaigh cháich aile fúair an bhean bás mar an gcéadna.
33. Ar a nadhbharsin an sa neiséirghe cía aca súd dá madh bean í? óir do bhi si ag an mhóirsheisior na mnaoi.