10. Agus na am féin do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis ní do thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é.
11. Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é.
12. Agus na cheann sin do chuir sé an treas úadh: achd do chuireadarsan amach an tésin leis, ar na lot.
13. Achd a dubhairt tighearna na fíneamhna, Cred do dhéana mé? cuirfidh mé mó mhac grádhach féin chuca: do béidir an tan do chifid é go dtiobhraidís onóir dhó.
14. Agus ar na fhaicsin do na sgológuibh, do labhradar eatarra féin, ag rádh, A sé so an toighre, tigidh, marbham é, ionnus go mbíadh a noighreachd aguinn féin.
15. Agus ar na theilgean don táobh amach don fhíneamhain, do mharbhadar é. Ar a nadhbharsin créd do dhéanas tlghearna na fíneamhna riú súd?