30. Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é.
31. Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air.
32. Agus ar nimtheachd do na teachairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé riu.
33. Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach?
34. Agus a dubhradarsan, Tré go bhfuil féidhim ad an Tighearna air.
35. Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air.
36. Agus ag imtheachd dósan, do leathnuigheadar a néadhuighe ar a tslighe.
37. Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur;
38. Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh.
39. Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir achmhusán dod dhéiscioblaibh.