Lucais 18:21-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus a dubhairt seision, Do choimhéid mé na neithesi uile óm óige.

22. Agus ar na cclos so Díosa, a dubhairt sé ris, Atá éinni fós duireasbhuidh ort: reac a bhfuil agad, agus roinn ar na bochduibh, agus bíaidh cisde ar neamh agad: agus tárr, lean misi.

23. Agus ar na chloinnsin so dhósan, do ghlac tuirse mhór é: óir do bhí sé roshaidhbhir.

24. Agus an tan do chunnairc Iósa go ráibh sé lán do dhobrón, a dubhairt sé, Créd é a dheacrachd do na dáoinibh sáidhbhre dul a sdeach a rioghachd Dé!

25. Oír is usa camhall do dhul tri chró snáthuide ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach a rioghachd Dé.

26. Agus a dubhrádar an dream do chúalaidh so, Máseadh cía as éidir do shlánughadh?

27. Achd a dubhairt seision, Na neithe ata dó dhéanta ag na dáoinibh atáid so dhéanta ag Dia.

28. Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa.

29. Agus a dubhairt seision riú. A deirimsi ribh go firinneach, Nach bhfuil éinneach do fhág a thigh, ná á athair ná a mhathtair, ná a dhearbhraithreacha, ná a bhean phósda, ná a chlann, ar son rioghachda Dé.

Lucais 18