10. Do chúadár días do dháoinibh súas don teampall do dhéanamh urnuighe; áon aca na Phairisíneach, agus araile na phúibliocánach.
11. Ar seasamh don Phairisíneach do bhí sé guidhe mar so leis féin, A Dhiá, beirim buidheachas riot, nach bhfuilim mar atáid dáoine eile, a luchd fuáduigh, éugcórach, adhaltrannach, nó fós mar an bpuibliocánachsa.
12. Troisgim fá dhó ann sa tseachdmhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim.
13. Agus ar seasamh don phuíbliocán, a bhfád úadh, nior bháill leis fiú a shúl do thogháil suás chum neimhe, achd do bhuaileadh sé a uchd, ag rádh, A Dhía déana trócaire oramsa an peachthacht.
14. A deirim ribh, go dtáinic an tési a núas dá thigh féin na fhiréanach ni is mó na fear úd: óir gidh bé ísligheas é féin áirdeochthar é.