27. Agus a dubhairt seision, Maseadh, íarruim ort a athair, eision do chur go tigh matharsa:
28. Oir atáid cúigear dearbhrathar agam; do thabhairt sgéul dóibh, ionnus nach dtiocfaidh siadsan mar an gcéadna ann sa nionadsa na péine.
29. A deir Abraham ris, Atáid Maóisi agus na fáighe aca; éisdeadh síad riusan.
30. Achd a dubhairt seísion, Ní hamhluidh atá, a athair Abraham: achd dá ndeachd duine ó na marbhuibh chuca, do dhéaindis aithrighe.
31. Agus a dubhairt sé ris, Muna néisdidh siad ré Maóisi agus ris na fáighibh, dá néirgheadh duine ó mharbhuibh féin, ni chredidís dó.