19. Agus ní fín mé feasda do mhacsa do ghairm dhióm: déana mé mar áon dod luchd thúarasduil.
20. Agus deirigh sé, agus do chuáidh sé dionnsuighe a athaar. Agus ar mbeith fós a gcíanúadh dhó do chonnaire a athair é, agus do ghabh truáighe mhór dhó é, agus ag rith dhó, do chrom sé fá na bhrághuid, agus do phóg sé é.
21. Agus a dubhairt an mac ris, A athair, do pheacaigh méa naghuidh neimhe, agus ad fhiadhnuisisi, agus ní fiu mé feasda do mhacsa do ghairim dhiom.
22. Agus a dubhhairt an tathair ré na shearbhoghantaibh, Tabhruidh an chuluidhein is fearr libh, agus cuireidh uime í; agus cuiridh fainne air a láimh, agus bróga air a chosaibh:
23. Agus tuguidh libh agus marbhuidh, an láogh bíadhta; agus caitheam biadh, agus bíom go súgach:
24. Oir fuáir mo mhac ann so bás, agus do aithbhéodhuigh sé: agus do chúaidh sé a mugha, agus friíth é. Ar a naddhbhar, sindo thionnsgnadar bheith go sugach.
25. Achd do bhí an mac búdh seine aige air an machaire amuich: agus ar dteachd a ngar don tigh dho, do chúaluidh sé an céol agus na damhsaidhe.
26. Agus ar ngairm aóin do na scarbhfhoghantuibh chuige dhó, dfiáfruidh sé dhe créd iad na neithesi?
27. Agus a dubhairt seision ris, Do dhearbhráthairsi thánic: agus do mharbh hathair anláogh bíadhta, ar son go bhfuair sé slán a ris é.
28. Agus do ghabh fearg eision, agus nior bháill leis dul a sdeach: uimesin tháinic a athair amach, agus do ghoir sé chuige é.
29. Achd ar bhfreaga dhosan a dubhairt sé ris a athair, Féuch, a táimsi ag déanamh agus nior sháruigh mé haithne a riamh: gídheadh ní thug tú fin an mheannáin dhamh ariamh, ionnus go mbéinn go súgach rém cháirdibh:
30. Achd an tan tháinic an macsa agad, do shlug do mhaóin a bhfochair mheirdreach, do mharbh tú an láogh bíadhta dho.
31. Achd a dubhairt seision ris, a mhic, atá tusa do gnáth am fhochair, agus na huile neithe is leamsa, is leachdsa iad.
32. Achd do budh cóir dhúinn sugachas, agus forbháilteachas do dhéanamh; tré go raibh an dearbhathairsi agadsa tar éis bháis, agus gur aithbhéodhuigh sé; agus go ndeach aidh sé a mugha, agus gur fríth a ris e.