16. Agus bá mhian leis a bhlog do Líonadh do na féithéoguibh do na muca: agus ní thugadh éanduine dhó íad.
17. Agus an ta n do chuimhnigh sé air féin, a dubhairt sé, Gá mhéd luchd túarasdail matharsa agá bhfúil iomarcaidh aráin, agus misi ag dul a mugha le gorta!
18. Fíréochaid mé agus rachaidh médionnsuighe mathar, agus déaruidh mé ris, A athair, do pheacaigh mé a naghaidh neimhe agus ad fhíadhnuisisi,
19. Agus ní fín mé feasda do mhacsa do ghairm dhióm: déana mé mar áon dod luchd thúarasduil.
20. Agus deirigh sé, agus do chuáidh sé dionnsuighe a athaar. Agus ar mbeith fós a gcíanúadh dhó do chonnaire a athair é, agus do ghabh truáighe mhór dhó é, agus ag rith dhó, do chrom sé fá na bhrághuid, agus do phóg sé é.
21. Agus a dubhairt an mac ris, A athair, do pheacaigh méa naghuidh neimhe, agus ad fhiadhnuisisi, agus ní fiu mé feasda do mhacsa do ghairim dhiom.
22. Agus a dubhhairt an tathair ré na shearbhoghantaibh, Tabhruidh an chuluidhein is fearr libh, agus cuireidh uime í; agus cuiridh fainne air a láimh, agus bróga air a chosaibh:
23. Agus tuguidh libh agus marbhuidh, an láogh bíadhta; agus caitheam biadh, agus bíom go súgach:
24. Oir fuáir mo mhac ann so bás, agus do aithbhéodhuigh sé: agus do chúaidh sé a mugha, agus friíth é. Ar a naddhbhar, sindo thionnsgnadar bheith go sugach.
25. Achd do bhí an mac búdh seine aige air an machaire amuich: agus ar dteachd a ngar don tigh dho, do chúaluidh sé an céol agus na damhsaidhe.
26. Agus ar ngairm aóin do na scarbhfhoghantuibh chuige dhó, dfiáfruidh sé dhe créd iad na neithesi?