15. Agus an tan do chúalaidh duine áirighe dá raibh ar áonbhord ris na neithesi, a dubhairt sé ris, Is beannaighe an té itheas arán a bhflaitheas Dé.
16. Achd a dubhairt seision rís, Do rinne duine áirighe suipéir mhór, agus do ghoir sé mórán:
17. Agus do chuir sé a shearbhfhoghantaidh a nam suipéir dá rádh ris an muinntir fuáir cuireadh, Tiagidh: Oir atáid na huile neithe a nois ullamh.