28. An sin bhiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do chifi Abraham, agus Isaac, agus Iácob, agus na fáidhe uile, a bhflaitheas Dé, agus sibh féin dá bhur dteilgean amach.
29. Agus tiocfuid mórán ó nard shoir, agus ó naird shiár, agus ó thúaidh, agus ó dheas, agus suidhfid síos a rioghachd Dé.
30. Agus, féuch, ataíd dáoine ar deireadh bhiás a dtosach, agus atáid a dtósach bhiás ar deireadh.
31. An lasin féin tangadar cuid airighe do na Phairisíneachuibh chuige, ag radh ris, Imthigh amach, agus fág a náitsi: óir is mian ré Híoruáith do mharbhadh.
32. Agus a dubhairt seision ríu, Ar nimtheach dáoibh, abruidh ris an tsionachsin, Féuch, teilgimsi deamhain amach, agus dó ním leigheas a niu agus a márach, agus críochnóchar leam an treas lá.