15. Uime sin do fhreagair an Tighearna dhó, agus a dubhairt sé, A fhir an fhúarchrábhuidh, a né nach sgáoileann gach áon nduine agaibh féin a dhamh nó a asal ón mhainnsér lá na sabhóide, agus nach beireann sé chum uisge é?
16. Agus an bheansa, atá na hinghin ag Abraham, noch do chuibhrigh Sátan, a nois le hóchd mbliadhna dég, a né nar choír a sgáoileadh ón chuibhreachsa a lá na sábbóide?
17. Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do ghabh náire gach áon nduine dá raibh a cur na aghaidh: achd do bhígáirdeachas ar a tslúagh uile tré gach uile ní glórmhar dá ndéarmidh seision.
18. Agus a dubhairt sé, Cía lér cosmhuil rioghachd Dé? agus cia ré samhleóchaidh mé í?
19. Is cosmhuil ré gráinne musdaird í, do ghabh duine chuige, agus do chuir sé ann a ghárrdha; agus dfás sé, agus dó rinneadh crann mór dhe, agus do rinneadar éanlaith a naiéir néid ann a ghéaguibh.
20. Agus a dubhairt sé a rís, Cia ré samhlóchaidh mé rioghachd Dé?
21. Is cosmhuil í re laibhín, do ghabh bean choice agus dfoluigh sí a dtrí bheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.
22. Agus do chúaidh sé tri gach cathair agus gach baile, ag teagasg, agus ag gábháil na sligheadh go Hiérúsalem.
23. Agus a dubhairt duine áirighe ris, A Thighearna, an beag do shlánuighthear? Agus a dubhairt seision ríu,
24. Déanuidh bhur ndithcheall ar dhul a sdeach sa doras chumhann: óir a deirim ribh, Is iomdha dáoine iárrfas dul a sdeach, agus nach búdh éidir leó:
25. O a nuáir fá néireóchaidh fear an tighe, agus fá a ndúnfa sé a dhóras, agus thionnsganuidh sibhsi seasamh a muich, agus an doras do bhuáladh, ag rádh, A Thighearna, A Thighearna, osguil dúinne; agus ar bhfreagra dhósan a déara sé ribh, Ní bhfuil a fhios agam cía bas dáoibh: