52. Oír ó so amach, béid cúigear a néintigh ar na roinn, triúr a naghuidh deisi, agus diás a naghuidh trír.
53. Biáidh an tathair a naghuidh an mhic, agus an mac a naghuidh a nathair; an mhathair a naghuidh na hiughine, agus a ninghean a naghuidh na mathara; agus mathair an fhir phósada a naghuidh a mhná, agus an bhean phósda a naghuidh mathar a fir.
54. Agus a dubhairt sé mar an gcéadna ris an bpobal, An tan do chithi néull ag éighe ón táoibh a nsiár a deirthí ar ball, Atá cioth ag teachd; agus is amhluidh bhíos.
55. Agus an tráth do chithí an gháoth ó dheas ag séideadh, a deirthí, Bíaidh teasmhach ann; agus bí sé mar sin.
56. A luchd an fhuárchrabhuigh, as éol dáoibh aghaidh neimhe agus talmhan do bhreathnughthí na naimsirse?
57. Agus, créd fá nach breathnuighthí úaibh féin créd is cóir ann?