3. Ar a nadhbharsin gidh bé neithe do labhrabhair an dorchadas cluinfidhthear iád satsolus; agus gidh bé ní do labhrabhair a gcluáis a seómruidhibh uaígneacha do dhéantar a ghairm ós na tighthibh.
4. Agus a deirim ribhse a chairde, Ná biodh eagla muinntire oraibh mhárbhus an corp, agus na dhiáigh sin leis nach éidir ní sa mhó do dhéanamh.
5. Achd foillséochaidh mé dháoibh cía ré a mbia bhur neagla: Bíodh eagla an ti úd oraibh, agá bhfuil cumhachda tair éis duine a mharbhadh a theilgean go hifrionn; a seadh, a deirim ribh, Biodh eagla so oraibh.
6. A né nach cceannaghthear cúig gnealbhain ar dhá fheórling, agus ni bhfuil áon aca ar dearmad a bhfiádhnuise Dé?
7. Achd fós atá gruág bhar gcinnse uile ar na comhaíreamh. Ar a nadhbharsin na bíodh eagla oráibh: as fearr sibhse ná morán gealbhan.
8. Agus fós a deirim ribh, Gidh bé ar bith aidmheóchus misi a bhfiádhnuise na ndáoine, aidmheóchaidh Mac an duine mar an gcéadna eisean a bhfiadhnari aingeal Dé:
9. Achd gidh bé shéanfus mise a bhfiadhnuise aingeal De.
10. Agus gidh bé laibheóras focal a naghaidh Mhic an duine, maithfighthear dhó é: achd ní maithfighear don tí laibheóras blaisphéime a naghaidh an Spiorad Náoimh.