26. Ar a nadhbharsin muna bhfuil ar bhur gcumas an ní as lugha, créd fa bhfuil cúram na neitheann eíle oraibh?
27. Tabhraidh dá bhur naire na lilidhe ciondus fhásaid said: ní dhéanuid said sáothar, agus ní shníomhuid said; achd a deirim ribh, nach raibh Solamh féin ann a ghlóir uile ar na éadughadh mar áon díobh so.
28. Agus má éaduigheann Diá már sin an fér, atá a niu ar an machaire, agus chuithear a márach ann sa núamhaifh; a né nach mó ná sin do dhéana sé dhibhse, a luchd an chreidimh bhig?
29. Ar a nadhbharsin, na fiáfruidhidhsi créd iosdáoi, nó créd iobhtháoi, agus na bíthi amharusach.
30. Oír a said na neithesi uile iárraid cinidheacha an domhain: achd atá a fhios ag bhur Nathairse go bhfuil a ríachdanas so oraibh.
31. Achd cheanna Iárruidhsi rioghachd Dé; agus teilgfidhthear na neithesi uile chuguibh.
32. Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.
33. Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh déire úaibh; déannidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach dtruáilligheann an míol críon.
34. Oír gidh bé aít iona bhfuil bhur ceisde, is am sin fós bhías bhur bhurgcroidhe.