31. Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh: agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so.
32. Eireóchaid luchd Niníve a mbreitheamhnus maille ris an gcineadhso, agus dainmeóchaid é: oír do rinneadarsan aithrighe ag seanmóir Iónas; agus, féuch, atá duine as mó ná Iónas ann so.
33. Ní lasann duine ar bith coinneall, chum a cur a bhfolach, nó faoi bhaiseúl, achd a gcoinnleóir, ionnus go bhfaichfidis an dream thig a sdeach an solus.
34. A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc, biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha.
35. Dá brígh sin tabhair haire riot nach biáidh an solus atá ionnad na dhorchadus.