12. Nó dá niárradh sé úgh, an dtiobhradh se scorpion do?
13. Ar a nadhbharsin, más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thbhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don during íarrfas air é?
14. Agus do bhí sé ag teilgean deamhain amach, do bhí balbh. Agus tárla, ar ndul don deamhan amach, gur labhair an balbhán; agus do ghabh iongnadh an slúagh.
15. Agus a dubhairt dream acasan, Is trí Bheelsébub prionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhuin.
16. Agus dream eile, ag cur chathaighthe air, do iárradar comhartha ó neamh air.
17. Agus ar bhfaicsin a smúaintighthe, dhósan, a dubhairt sé riú, Gach rioghachd bhios roinnte na haghaidh féin do nithear fasach dhi; agus an tigh bhíos roinnte naghaidh tíghe, tuitidh sé.
18. Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb theilgimsi amach na deamhain.
19. Agus más trí Bheelsebuh sgriosaimsi na deamhuin, cía tré sgriosaid bhur gelannsa iád? Ar a nadbhharsin héid siádsan na mbhreitheamhnaibh oraibhsi.
20. Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.
21. An tan choimhéadas duine láidir armálta a chúirt féin, atá a bhfuil aige a siothchaín:
22. Achd an tráth thig duine is neartmhaire ná é, beiridh sé búaidh air, agus tóguidh sé leis a uile armaíl ann ar chuir sé a mhuinighinn, agus roinnidh sé a eadáil.
23. An té nach bhfuil leamsa atá sé am aghaidh: agus gidh bé nach ccruinnigheann leamsa scabuighidh sé.
24. An tráth imthigheas an spiorad neamhglann as duine ar bith, imthigh sé trí íonaduibh tiorma, ag iárruidh suáimhnis; agus an tráth nach bhfaghann sé sin, a deir sé, Fillfidh mé doin thigh féin ó dtáinic mé.