Lucais 10:9-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus slánaghaidh na heaslaín bhias innte, agus abruidh riú, Do dhruid rioghachd Dé ribh.

10. Agus gibh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus nach génbhuid siád sibh, ar nimtheachd dáoibh amach ar na sraídibh, abruidh,

11. Craithmíd dhínn bhur naghaidh, go fiú an luaithridh do lean dínn, as bhur gcathruigh: achd cheana bíodh a fhios so aguibh, gur dhruid rioghachd Dé ribh.

12. Agus a deirím bhur ribh, Go madh socamhluighe do na Sodomachaibh an lá úd, ná don chathraighsin.

13. Is anáoibhinn duit, a Chorásin! as anáoibhinn duit, a Bhetsáida! oir dá madh a Dtírus agus a Sídon, do dhéantáoi na miorbhuile do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó da dhéanaidís aithrighe, na suidhe a néadach roín agus a luaithreagh.

14. Ar a nadhbharsin budh socamhluighe do Thírus agus do Shídon ann sa bhreitheamhnus, na dháoibhsi.

Lucais 10