Lucais 10:3-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Imthighidh: féuch, ataimse dá bhur gcur úaim mar úana a measg mhadradh allta.

4. Ná hiomchruidh sbarán, na tiach loín ná bróga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa tslighe.

5. Agus gidh bé tigh iona rachtáoi a sdeach, abruidh ar tús, Go raibh sióthcháin don tighse.

6. Agus má bhionn Mac na sióthchána annsin, do dhéannidh bhur sióthcháinsi comhnuighe air: achd muna raibh, fillfidh sí chugaibh féin a rís.

7. Agus fanaidh an sa tighsin, ag ithe agus ag ól na neitheann atá aca: óir is fiú an toibrigh a thuárasdal. Ná himighidh ó thigh go tigh.

8. Agus gidh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus go ngéubhaid siád sibh, ithidh na neithe chuirid siád ann bhur bhfiadhuisi:

9. Agus slánaghaidh na heaslaín bhias innte, agus abruidh riú, Do dhruid rioghachd Dé ribh.

10. Agus gibh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus nach génbhuid siád sibh, ar nimtheachd dáoibh amach ar na sraídibh, abruidh,

Lucais 10