49. Oir do rinne an té a tá cumhachdach neithe móra dhamhsa, agos is náomhtha a ainm.
50. Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla.
51. Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin.
52. Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcaithiribh, agus do árduigh sé na dáoine umhla.
53. Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh.
54. Do thóg sé súas Israél a shearbhfhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire;