Lucais 1:32-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin dhó.

33. Agus bíaidh sé na righ ar thigh Iácob go bráth; agus ní bhía deireadh ar a ríoghachd.

34. Agus a dubhairt Muire ris a naingeal, Cionnas bhías so, óir ní bhfuil fios fir agamsa?

35. Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe.

36. Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid.

Lucais 1