Lucais 1:25-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Oír is mar so do rinne an Tighearna rium ann sna laethibh an ar fhéuch sé oram, do thógbháil mo neimhcheana dhiom a measg na ndáoine.

26. Agus an sa seisiodh mí, do cuireadh an taingeall Gabríel ó Dhía go cathruigh don Ghalilé, dár bainm Násaret,

27. Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire.

28. Agus ar ndul a sdeach dá hionnsuighe do naingeal, a dubhairt se, Dia do bheatha a ógh roghrásamhuil: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighe thú eidir na mnáibh.

29. Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso.

Lucais 1