2. Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;)
3. Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.
4. Agus, a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge: achd tógbhuidh súas íad a dteagusg agus a bhfoircheadal an Tíghearna.
5. A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur maighisdribh do réir na féola, maille ré faitcheas agus ré criothnughadh, a bhfíorghloine bhur gcroidheadh, amhuil do bhíadh sibh, do Chríosd;
6. Ní ag déunamh seirbhíse don tsúil, mar an luchd do ní toil na ndáoine; achd mar shearbhfhoghantuighibh Chríosd, ag déunamh toil Dé ó chróidhe;
7. Maille ré deagthoil ag déunamh seirbhíse, amhuil do Tíghearna, agus ní do dháoinibh:
8. Ar mbéith a fheasa aguibh gidh bé maith do dhéunas gach áon, go bhfuighe sé a lúaidheachd ón Dtíghearna, más dáor nó sáor é.
9. Agus, a mhaighisdri, déunuidhse na neither céudna dhóibhsion, ag cur bagair ar gcúl: ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuil bhur Maighisdir féin air neamh mar an gcéudna; agus nach bhfuil féuchuin do phearsuinn seach a chéile aige.