Hephesiánach 6:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A chlann, bíghidh úmhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtíghearna: óir as coir so.

2. Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;)

3. Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.

4. Agus, a aithreacha, ná brosduighe bhur gclann chum feirge: achd tógbhuidh súas íad a dteagusg agus a bhfoircheadal an Tíghearna.

5. A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur maighisdribh do réir na féola, maille ré faitcheas agus ré criothnughadh, a bhfíorghloine bhur gcroidheadh, amhuil do bhíadh sibh, do Chríosd;

6. Ní ag déunamh seirbhíse don tsúil, mar an luchd do ní toil na ndáoine; achd mar shearbhfhoghantuighibh Chríosd, ag déunamh toil Dé ó chróidhe;

7. Maille ré deagthoil ag déunamh seirbhíse, amhuil do Tíghearna, agus ní do dháoinibh:

8. Ar mbéith a fheasa aguibh gidh bé maith do dhéunas gach áon, go bhfuighe sé a lúaidheachd ón Dtíghearna, más dáor nó sáor é.

Hephesiánach 6