29. Oír ní thug éunduine ríamh fós fúath dhá fheóil féin; achd do bheir beatha agus clúdhadh dhi, do réir mar do bheir an Tighearna don neagluis.
30. Oír as buill dá chorpsan sinne, dá fheóil, agus dá chnámhuibh.
31. Dá bhrígh so fúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus bíadh sé ceanguilte dhá mhnáoi, agus béid a ráon na náoin fheóil.
32. As seicréid mhór so: achd as air Chríosd agus a neagluis lábhruimse.
33. Uime sin gráidheadh gach áon aguibh a bhean mar é féin; achd go mbíadh an bhean eaglach riomh an bhféar.