Hephesiánach 4:19-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Noch ar mbeith dhóibh gan móthughadh ionnta tug iad féin do mhíonáire, chum gach uile neamhghloine do dhéunamh maille ré saint.

20. Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd;

21. Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:)

22. Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin;

23. Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne;

Hephesiánach 4