Hephesiánach 4:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Uime sin, sirimse air mbeith um bhráighe ar son an Tíghearna, dathchuimghe oruibh síubhal dáoibh mar is iomchubhaidh do ghairm chum ar goireadh sibh,

2. Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;

3. Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.

4. Eúnchorp, agus éin Spiorad atá ann, amhuil fós do goireadh sibh a néunmhuinighin bhur ngarma;

5. Eín Tíghearna, einchreideamh, éun bhaisdeadh,

6. Eín Ndía agus Athair na nuile, noch atá ós cionn na nuile, agus trés na huilibh, agus ionnuibhse uile.

7. Achd tugadh grás dá gach áon aguinn do réir mhiosúir thioghlaice Chríosd.

8. Uime sin a deir sé, Ar ndul dó súas a náirde, go rug sé an bhruid a mbráighdeanas ris, agus tug sé tioghlaice do dháoinibh.

9. Achd go ndeachuidh sé súas, créd is cíall dó achd go ndeachuidh sé síos ar tús mar an gcéúdna go hionaduibh iachdaracha na talmhan?

10. An tí do chuáidh síos a sé an neach céudna do chuáidh súas go hard ó na huile neamhuibh, chum na nuile do líonadh dhó.

11. Uime sin tug sé drung áirighe, na nabsdaluibh; agus drung eile, na bhfaidhibh; agus drung eile, na náodhairighibh agus na luchd teaguisg;

Hephesiánach 4