17. Ionnus go dtíubhradh Día ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsighe dháoibh chum eision dadmháil:
18. Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh,
19. Agus créd é roimhéud a chúmhachd dár dtáoibhne an dream chreideas, do réir oibriughadh a mhóirneirt,
20. Noch do oibrigh sé a Gcríosd, an tan do thóg sé súas ó mharbhuidh, agus do shuighidh sé é ar a dheis féin air neamh.
21. Go hard ós cionn gach uile úachdáranachda, agus chúmhachd, agus neirt, agus thighearnuis, agus gach uile anma dá nainmnighthear, ní sa tsáoghalsa amháin, achd mar an gcéudna sa tsáoghal atá chum teachda: