18. Agus ar an mball do thuiteadar ó na shúilibh mar do bheith sgamail: agus fúair sé a radhaírc gan fhuireach, agus ar néirghe dho, ghabh sé baisdeadh.
19. Agus do chaith bíadh, agus do neartuigheadh é.Agus do bhí Saul láethe áirighe a bhfochair na ndeisciobal do bhí a Ndamáscus.
20. Agus ar an mball do sheanmóir sé Críosd ann sna sinagógaibh, gur bhé so Mac Dé.
21. Agus do ghabh úathbhás na huile dháoine do chúalaidh é, agus a dubhradar, A né nach é so an té úd do sgrios a Niarusalem an dream do ghuidh an tainmse, agus is chuige tháinic sé ann so, da mbreith ris ceangailte chum na nárdsagart?