Gníomhartha 9:11-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus a dubhairt an Tighearna ris, Eiridh, agus imthigh don tsráid ré ráidhtear Díreach, agus íarr a dtigh Iúdais, an té dar ab ainm Sául ó Tharsus: oír, féuch, atá sé ag dhéunamh urnuighe.

12. ( Agus do chonnairc sé a dtaibhse fear dar bhainm Ananias ag teachd a steach, agus ag cur a láimhe air, ionnus go nglacfadh sé a radhairc.)

13. Achd do fhreagair Ananías, A Thighearna, do chúalaidh me ó mhórán ar an bhfear so, a mhéud dolcaibh do rinne sé dod náomhaibhse a Níarusalém:

14. Agus atá cúmhachda aige ann so ó na hárdsagartaibh na huile dháoine cheangal ghuidheas hainmse.

15. Achd a dubhairt an Tighearna ris, Imthigh romhad: oír atá sé na shoightheach tóghtha agamsa, chum manma diomchar a bhfiadhnuise na Gcineadhach, agus na ríghtheadh, agus chloinne Israél:

16. Oír foillséochaidh misi dhó créud é méud na neitheann is éigin dó fhulang ar son manmasa.

Gníomhartha 9