Gníomhartha 9:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ar mbeith do Shaul, fós ag séideadh bagair agus marbhtha a naghiadh dheisciobal an Tighearna, do chúaidh sé chum a nárdshagairt.

2. Agus díarr sé leitreacha air go Damascus chum na sínagóg, ionnus dá bhfaghadh sé éinneach, dfior nó mhnáoi don tslighese, go dtíubhradh sé ris íad go Hiarusalém ceangailte.

3. Agus ag imtheachd do, tháinic sé a bhfogus do Dhamascus: agus go hobann do dheallruidh soillse neimhe mar theinnteach na thimcheall:

4. Agus ar dtuitim dhó chum na talmhan, do chúalaidh sé gúth ag rádh ris, A Shaúil, a Shaúil, créud fá a bhfuil tú ag gérleanmhuin orum?

5. Agus a dubhairt seision, Cía thu féin, a Thighearna? Agus a dubhairt an Tighearna, As mé Iósa ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin: is crúaidh dhuit bheith ag gabháil dod shálaibh a naghaidh na ndeilg.

6. Agus ar mbeith do Shául ar crith agus lán dúathbhas a dubhairt sé, A Thighearna, créud is áil leachd do dhéunamh dhamh? Agus a dubhairt an Tighearna ris, Eiridh, agus imthigh a sdeach don chathruigh, agus foillséochar dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh.

7. Mar an gcédna an dream do shiúbhail má ráon ré Sául do sheasadar go búaidheartha, ag éisdeachd ris an ngúth, achd gan amharc ar éinneach aca.

8. Agus do éiridh Sául don talamh; ar nosgladh a shúl dó, ní fhacaidh sé éinneach: agus ag breith dhóibhsion ar láimh air, do thréoraigheadar go Damáscus é.

9. Agus do bhí sé trí láethe gan amharc ar bith aige, agus níor íth agus níor ibh éinni.

10. Agus do bhí deisciobal áirighe a Ndamáscus, dar bhainm Ananías; ré a ndubhairt an Tighearna a dtáibhse, A Ananiáis. Agus a dubhairt seision, Féuch, atáim ann so, a Thighearna.

11. Agus a dubhairt an Tighearna ris, Eiridh, agus imthigh don tsráid ré ráidhtear Díreach, agus íarr a dtigh Iúdais, an té dar ab ainm Sául ó Tharsus: oír, féuch, atá sé ag dhéunamh urnuighe.

12. ( Agus do chonnairc sé a dtaibhse fear dar bhainm Ananias ag teachd a steach, agus ag cur a láimhe air, ionnus go nglacfadh sé a radhairc.)

13. Achd do fhreagair Ananías, A Thighearna, do chúalaidh me ó mhórán ar an bhfear so, a mhéud dolcaibh do rinne sé dod náomhaibhse a Níarusalém:

Gníomhartha 9