21. Ní bhfuil cuíd ná cumann agad ann sa miniosdrálachdsa: oír ní bhfuil do chroidhe díreach a bhfíadhnuise Dé.
22. Uime sin déuna aithrighe ar son a nuilcse, agus íarr ar Dhía, más éidir smuáineadh do chroidhe do mhaitheamh dhuit.
23. Oír do chím go bhfuil tú a ndomlus an tsearbhuis, agus a ndaigean na héugcóra.
24. Agus ar bhfreagra do Shíomón, a dubhairt sé, Guidhighse an Tighearna ar mo shon, gan ní ar bith do na neitibhse a dubhrabhair do theagmhail damh.
25. Uime sin, ar ndéunamh fíadhnuise dhóibhsion, agus ar labhairt bhréithre Dé, dfilleadar go Híarusalém, agus do sheanmóraigheadar an soisgéul a mórán do bhailtibh na Samáritaneach.
26. Agus do labhair aingeal an Tighearna ré Philib, ag rádh, Eírghe, agus imthigh don taoibh ó dheas, an tslighe síos ó Ierusalém go Gása, noch atá na fhásach.