8. Tug sé dhó mar an gcéadna connradh an timchillghearradh: agus is mar sin do ghin Abraham Isaac, agus do thimchillghearr sé é an tochdmhádh lá; agus do ghein Isaac Iácob; agus Iácob an dá phátriárc dhéug.
9. Agus ar ngabháil thnúidh, do na patriarcuibh, do reacadar Ióseph don Eigipt: agus do bhí Día maille ris,
10. Agus do réidhigh sé é ó nuile thrioblóid, agus tug sé grása agus eagna dhó a bhfíadhnuise Phárao rí na Héigipte; noch do rinne úachdarán de ar a Néigipt agus ar a thigh féin uile.
11. Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Chánaan uile, agus amhgur mhór: ionnus nách bhfúaradar ar naithreacha beatha.
12. Agus ar na chlós do Iácob go raibh arbhar sa Néigipt, do chuir sé ar naithreacha ar tús innte.