32. As misi Día haithreach, Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob. Agus ar mbeith do Mháoise ar crith, níor lamh sé aire do thabhairt dó.
33. Achd a dubhairt an Tighearna ris. Sgáoil do bhróga dod chósaibh: oír is talamh náomhtha an tionad ann a bhfuill tú ad sheasamh.
34. Tug mé dom aire, go friochnamhach, ámhgar mó phóbail nóch atá sa Néigipt, agus do chúalaidh mé a nósnadhach, agus do thuirrling mé dá bhfúasgailt. Agus a nois tárrsa a leith, cuirfe me don Eigipt thú.
35. An Máoise só do dhíultadar, ag rádh, Cía rinne úachdarán agus bréitheamh dhíotsa? do chuir Día é mar úachdarán agus mar fhear sáortha a láimh a naingil, do taibhreadh dhó sa dos.
36. Tug sé so amach íad, ar ndéunamh miorbhuileadh agus comharthadh a dtalamh na Héigipte, agus ann sa muir Rúaidh, agus ann sa bhfásach dhá fhichead blíadhain.
37. A sé so an Máoise úd, noch a dubhairt ré cloinn Israél, Tóigéubhaidh Día bhur Dtighearna fáidh súas dáoibh da bhur ndearbhraithribh, mar misi; éisdfish sibh ris.
38. Sé so an té do bhí sa gcóimhthionól ar an bhfásach a bhfochair a naingil do labhair ris ar shlíabh Sína, agus ré ar naithribhne: noch do ghlac mar an gcéudna briathra na beatha chum a dtabhartha dhúinne:
39. Dá nár bháill ré ar naithríbhne úmhlachd do thabhairt, achd do dhíultadar é, agus dfilleadar ann a gcróidhthibh tar a nais don Eigipt,