18. Nó gur éirighe rí eile súas, ag nach raibh aithne air Ióseph.
19. Do mheall an fearso ar ccineadhne, agus tug sé drochdhíol air ar naithreachuibh, a ccrúth go dtug sé orrtha a gclann óg do theilgean amach, ionnus nách bhfasaidís.
20. Fá a namsin rugadh Máoise, agus do bhí sé taitneamhach ag Día, agus do hoileadh é feadh thrí míos a dtigh a athar:
21. Agus ar mbeith dhó ar na theilgean amach, do thóg inghean Pháraó ría é, agus do oil si é mar mhac dhi féin.
22. Agus do bhí Máoise foghlomtha a nuile éagna na Négipteach, agus do bhí sé cúmhachdach a mbríathruibh agus a ngníomharthuibh.
23. Agus ar gcoimhlíonadh aimsire a dhá fhichead blíadhan dó, táinic ann a chróidhe dul dféuchain a dhearbhráithreach féin chloinne Israél.