Gníomhartha 6:4-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus bíadhmaidne go cómhnuightheach a nurnuighe, agus a miniosdrálachd na bréithre.

5. Agus dáontuigheadar an comhlúadar uile don rádh so: agus do thóghadar Steaphán, fear lán do chreideamh agus don Spíoruid Naomh, agus Philip, agus Procórus, agus Nícánor, agus Tímon, agus Parménas, agus Nicolás neach ó Aintióchia do cheanguil é féin don neagluis:

6. Do chuireadar íad so a bhfíadhnuise na nabsdal: agus ar ndéunamh urnuighe dhóibhsean, do chuireadar a lámha orrtha.

7. Agus dfás bríathar Dé; agus do mhéudaigh úibhir na ndeisciobal go romhór a Niarusalém; agus dúmhluidh cuid mhór do na ságartaibh don chreideamh.

8. Achd Steaphán, lan do chreideamh agus do chúmhachdaibh, do rinne sé miorbhuile agus cómharthadha móra a measg an phobail.

9. Agus déirgheadar súas dream áirighe don tsinagóig, dar ab ainm Sionagóg na libertinigh, agus na Cirenianach, agus luchd Alecsandria, agus Cilícia agus na Hásia, ag diosbórachd lé Steaphán.

Gníomhartha 6