40. Agus do áontuigheadar dho: agus ar ngairm na nabsdal dóibh, agus ar ngabháil ortha, tugadar fogra dhóibh gan labhairt a nainm Iósa, agus do léigeadar úatha íad.
41. Ar a nadhbharsin do imthigheadar san go lúathgháireach as amharc na cómhairle, do bhrígh gur measadh gur bhfíu íad easonóir dfulang ar son anma Iósa.
42. Agus gach lá sa teampall, agus ó thigh go tigh, níor sguireadar do bheith ag teagasg agus ag seanmórughadh Iósa Chríosd.