Gníomhartha 5:22-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Agus ar dteachd do na máoruibh, ní fhúaradar iadsan sa bpríosún, agus ar bhfilleadh dhóibh, dinniseadar sin,

23. Ag radh, Fúaramar go deimhin an príosún dúnta go dúthrachdach, agus an luchd coimhéuda na seasamh a muigh as comhair na ndoírrseadh: achd ar nosgladh dhúinn, ní fhúaramar áonduine a stigh.

24. Agus ar gclós na mbríatharsa do nárdshagart agus dúachdarán an teampuill agus dúachdaránaibh na sagart, do bhí conntabhairt aca na dtimpcheallsan créud do thiocfadh as so.

25. Achd ar dteachd do neach áirighe dinnis sé dhoibh, ag rádh, Féuch, na fir do chuireabhair a bpríosún atáid síad na seasamh sa teampall, agus ag teagusg an phobail.

26. Ann sin ar nimtheachd don chaiptín maille ris na máoruibh, tug sé leis íad gan choimhéigneadh: oír do bhí eagla an phobail ortha, go ngéubhaidís do chlochaibh orrtha.

27. Ar a nadhbharsin tar éis íad dhá dtabhairt leó, do chuireadar a bhfiadhnuise na cómhairle íad, agus dfiafruigh an tárdsagart díobh,

28. Ag rádh, A né nar áithneamairne go ródhithcheallach dhíbh gan teagusg do dhéunamh sa nainmse? Agus, féuch, do líonabjair Ierusalem le bhur dteasusg, agus as mían libh fuil an duinese do thairruing oruinne.

29. Agus ar bhfreagra do Pheadar agus do na habsdaluibh a dubhradar, Is mó is éigin úmhlughadh do Dhía, ná do dháoinibh.

30. Do thóg Día ar naithreachne Iósa súas, noch do mharbhabhairse ar na chrochadh a gcrann.

31. Do thóg Día re na láimh dheis féin é só súas na Phríonnsa agus na Shlánaightheoir, do thabhairt aithrighe, agus maithmheachais na bpeacadh Disraél.

32. Agus atámáoidne ar bhríadhnuisibh dhó ar na neíthibhse a deirmíd; agus maran gcéudna an Spiorad Náomh, nóch thug Día dón druing úmhlaigheas dó.

33. Agus ar gclós na neítheadhsa dhóibhseab, do bhádar air a ngearradh, agus do rinneadar cómhairle íadsan do mharbhadh.

34. Achd ar néirghe súas Dfairisíneach áirighe, sa gcómhairle, dár bhainm Gamáliel, doctúr dlíghe, do bhí fá chion ag an bpobal uile, daithin sé na habsdail chur amach ar feadh tamuill;

35. Agus a dubhairt sé ríu, A fhiora Israél, tabhraidh bhur naire ribh féin créd do dhéuntáoi a dtáobh na muinntirese.

36. Oír roimhe a naimsirse déirghe Teúdas súas, ag rádh, Go madh neach éigin mór é féin; lércheangail úibhir dháoine, a dtimcheall cheithre gcéud: noch do marbhadh: agus an mhéid dáontuigh dhó, do spréaghadh, agus do chuireadh a neimbrígh íad.

Gníomhartha 5